Shomera home room for life
 

Failte go Seomra

Bhunaigh Frank O’Sullivan Creative Housing Solutions i 1998 chun coincheap nua darbh ainm Shomera a fhorbairt agus a mhargú. Toisc go gcomhlíonann Shomera riachtanais spáis mhaireachtála an bhaile, galldaíodh an focal Gaeilge “seomra” ionas go mbeadh “home” san ainm.

Tá athrú suntasach tagtha ar Éirinn le deich mbliana anuas. Tá ardú tagtha ar phraghasanna tithe nach raibh éinne ag súil leis. Tá athrú tagtha ar nósanna oibre agus ar shaolta an phobail. Úsáidimid ár dtithe i mbealaí éagsúla seachas mar a rinneamar 10 nó 15 bliain ó shin.

Leis na coimpléisc a bhaineann leis an saol nua-aimseartha, tá spás maireachtála breise de dhíth ar níos mó daoine, ach níl na roghanna traidisiúnta, bogadh tí nó tógálaí iontaofa a aimsiú, tarraingteach do dhaoine a thuilleadh. Fág faoi Shomera é.

Cuireann Shomera seomra breise den scoth, atá deartha go speisialta don timpeallacht Éireannach, ar fáil ar phraghas réasúnta. Lenár Shomera Studio, saindheartha sa bhealach traisidiúnta nó ár Shomera Extension  atá níos  nuaí ar an margadh, is féidir an seomra breise sin atá de dhíth ort a fháil laistigh de chúpla lá.

Chun radharc níos cuimsithí a fháil ar cad tá á thairiscint ag  Shomera, níl le déanamh agat ach cuairt a thabhairt ar ár bpríomhsuíomh www.shomera.ie.

 

   
Cube Extension
Copyright © 2007 Shomera. All rights reserved. ‘Shomera’ and ‘Room For Life’ are registered trademarks of Shomera Ltd.